2003 UNESCO Convention for the Safeguarding of the Intangible Cultural Heritage - Achoimre feidhmeannach: Gaeilge
Updated 12 April 2025
Achoimre Feidhmeannach
Is mian linn gur mar thoradh ar dhaingniú Choinbhinsiún 2003, cuirfear tús le comhrá ar fud na Ríochta Aontaithe faoinár n-oidhreacht chultúrtha - an béaloideas, an taibhiú, na nósanna agus an cheardaíocht a bhfuil ról tábhachtach acu i bhféiniúlacht, bród agus comhtháthú pobal ar fud na Ríochta Aontaithe - agus an dóigh a gcumhdaíonn muid an oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe seo i dteannta le chéile, a dtabharfaidh muid ‘an oidhreacht bheo’ uirthi.
Tá an comhairliúchán seo mar chuid de thús an chomhrá fá oidhreacht bheo sa Ríocht Aontaithe agus tá obair déanta againn go dlúth leis na Rialtais Dhéabhlóidithe le teacht ar chomhaontú ar an fhreagairt seo.
Is réimse leathan í an oidhreacht bheo agus clúdaíonn sí roinnt réimsí beartais éagsúla, agus mar sin de, is minic nach mbíonn freagra a bheidh fóirsteanach do chách ann, ach tabharfaidh muid aghaidh ar na fardail agus ar chur i bhfeidhm níos leithne an Choinbhinsiúin leis na prionsabail a leanas: a bheith pobalbhunaithe, ioncuimsitheach, measúil agus oscailte.
Is é an cur chuige ginearálta atá againn ná díriú ar na rudaí a bheas le déanamh leis na fardail a bhunú agus tá roinnt príomhphointí aontaithe againn fán chuspóir:
-
Leis na fardail, tacófar le sainaithint na hoidhreachta beo sa Ríocht Aontaithe agus a haitheantas trí phróiseas ‘stocáirimh’, agus cuideoidh siad le feasacht a ardú agus tacú le comhráite cumhdaigh as seo amach.
-
Na critéir fá choinne ionchuimsithe, ní chuimsíonn siad breithiúnas luacha, measúnú nó catagóiriú ar thábhacht, nó méadracht ar bith den chineál chéanna.
-
Is dócha go mbeidh éagsúlacht sna buntáistí a bhaineann le hionchuimsiú sna fardail d’achan mhír agus pobal, ach d’fhéadfadh feasacht níos mó agus aitheantas a bheith san áireamh, chomh maith le deiseanna rannpháirtíochta agus comhoibrithe.
-
Beidh na fardail atriallach agus beidh gairmeacha oscailte rialta ar phobail lena n-oidhreacht bheo a chur chuig na fardail. Ní uirlis léirscáilaíochta iad, ná clár ná taifead d’oidhreacht bheo sa Ríocht Aontaithe, agus níl sé beartaithe gur ciclipéid nó cartlann a bheas iontu.
-
Aon mhír atá san áireamh sna fardail, ní hé sin le rá go bhfuil freagracht nó oibleagáid ar bith ar eagraíocht, comhlacht nó rialtas ar bith tacú go díreach leis an mhír sin. Is próiseas intíre iad na fardail nach bhfuil ceangailte leis na liostaí atá á gcoimeád ag.
-
Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta, agus Chultúir na Náisiúin Aontaithe (UNESCO).
Leanfaidh muid orainn ag úsáid théacs an Choinbhinsiúin leis an tsainmhíniú chomhaontaithe a fháil ar an oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe nó ar an oidhreacht bheo, agus ag an am chéanna, glacann muid leis gur féidir cialla éagsúla a bhaint as an tsainmhíniú (b’fhéidir d’aon ghnó). Ach ní bheidh muid ag úsáid téarmaí ar nós ‘traidisiúnta’, ‘comhaimseartha’, ‘fíor’ nó ‘oidhreacht’ nuair a thugann muid sainmhíniú ar rud éigin: cé acu a dtugann muid oidhreacht bheo ar rud éigin nó nach dtugann, nó cad ba cheart a chur san áireamh sna fardail.
Cloífidh muid leis an tseasamh ar ghlac an Coinbhinsiún leis agus ní ghlacfaidh muid le haighneachtaí atá go hiomlán do reiligiúin eagraithe agus do chórais chreidimh ar an iomlán, ach cuirfidh muid fáilte roimh aighneachtaí a bhaineann le cleachtais chultúrtha a bhfuil baint acu le reiligiún. Cuirfidh muid fáilte roimh aighneachtaí ina n-úsáidtear teanga mar iompróir, agus tacóidh muid le roinnt teangacha dúchasacha áitiúla le haistriúchán (chomh maith le bheith ag obair go dátheangach sa Bhreatnais de réir riachtanais reachtúla), ach ní chuirfidh muid teangacha féin san áireamh san fhardal.
Critéir
Bhí tacaíocht láidir i bhfreagairtí an tsuirbhé ar na critéir atá molta agus bhí níos mó ná trí cheathrú de na freagróirí i bhfabhar. Agus na tuairimí agus na moltaí a dtabhairt fá deara againn, choinnigh muid na critéir mholta, chuir muid dhá cheann acu le chéile ar mhaithe le praiticiúlachtaí, agus chuir muid trí cinn eile leo le soiléireacht bhreise a chur ar fáil.
-
Caithfidh an mhír a bheith ina nós beo reatha. Má tá an mhír le breithniú lena cur san áireamh ar na fardail, caithfidh an mhír sin a bheith mar chuid de phobal beo atá ann fá láthair, pobal in a bhfuil eolas fán mhír agus a bhfuil sé de chumas aige í a chur ar aghaidh chuig na glúnta atá le teacht. Ba cheart go mbeadh eolas sna haighneachtaí maidir le hinmharthanacht reatha na míre agus a inmharthanacht san am atá le teacht, agus léireofar san eolas sin cé acu an measann an pobal a chuireann an mhír chuig na fardail go bhfuil an mhír sin i mbaol, m.sh. go bhfuil sé i mbaol go bhfaighidh sé bás gan athrú suntasach ar leibhéal reatha seachadta ma míre sin.
-
Is cuma fán áit as a dtáinig an mhír ná fán tréimhse ama as a dtáinig sé, ach caithfidh eolas fán stair agus fán tseachadadh taobh istigh den phobal bhainteach a bheith san áireamh. Ní gá go bhfuil aois íosta ag an mhír ná go bhfuil líon íosta uaireanta a cuireadh ar aghaidh í, agus is cuma cén háit ná cén duine as a dtáinig an mhír.
-
Caithfidh an mhír féin a bheith mar an cleachtas beo. Ba cheart eolas a bheith in aighneacht chuig na fardail faoi na gnéithe bainteacha den mhír nuair is iomchuí, ach ní féidir leis an mhír oidhreachta beo a bheith mar na rudaí bainteacha seo a leanas amháin: na huirlisí, na hionstraimí, na cultacha, na hábhair srl. Ná ní féidir leis an mhír a bheith mar na rudaí seo a leanas amháin: an t-aschur, an cruthú nó an toradh.
-
Caithfidh an aighneacht teacht leis na caighdeáin atá ann fá láthair maidir le cearta an duine atá aontaithe go hidirnáisiúnta. Mar shampla, caithfidh sé teacht le cearta daoine chun neamh-leithcheala agus chun cóir chomhionann, príobháideacht, saoirse smaointeoireachta agus cainte, agus rannpháirtíocht sa tsaol shóisialta agus chultúrtha.
-
Caithfear toiliú ón phobal a fháil, toiliú atá saor, eolasach agus faighte roimh ré. Caithfear fianaise a sholáthar san aighneacht go bhfuil toiliú tugtha ag an phobal atá i gceist, toiliú don mhír oidhreachta bheo a bheith curtha chuig an fhardal.
-
Aon leas tráchtála ón mhír d’oidhreacht bheo, caithfear é a bheith ar leas an phobail go príomha.
Cód Eitice
Chuala muid réimse tuairimí agus moltaí maidir le critéir eile fosta, ach bhí easpa comhthola nó easpa bunús oibiachtúil ann le mír a mheasúnú in aghaidh na gcritéar, agus mar sin, tá cód eitice curtha le chéile againn.
Tá an cód eitice ann ionas gur féidir leis na pobail atá ag cur aighneachtaí chuig na fardail an cód sin a phlé, agus d’fhéadfadh sé a bheith ina chuidiú le heolas a dhéanamh do chomhráite amach anseo maidir le cumhdach, ach ní bheidh sé mar chuid de na critéir atá de dhíth le beith san áireamh sna fardail.
-
Ba cheart meas a bheith léirithe sna míreanna ar ainmhithe, an dúlra agus an comhshaol.
-
Ba cheart meas a bheith léirithe sna míreanna ar chreataí náisiúnta dlí atá ann fá láthair agus sláinte, folláine agus sábhailteacht a chur chun cinn dóibh féin agus do dhaoine eile.
-
Ba cheart síocháin, meas, comhtháthú sóisialta agus ionchuimsitheacht a chothú, agus leithcheal a sheachaint taobh istigh dá gcleachtas/gcleachtais oidhreachta beo féin, ina bpobail níos leithne, agus ina gcomhoibriú le cleachtóirí oidhreachta beo eile.
Catagóirí
Ba é an príomhphlé san ábhar seo ná cothromaíocht a aimsiú idir coinneáil na gcatagóirí de chuid Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta, agus Chultúir na Náisiúin Aontaithe (UNESCO) ar mhaithe le comhoibriú a éascú, agus na catagóirí agus an fhoclaíocht a dhéanamh chomh húsáideach agus inrochtana agus is féidir do chomhthéacs na Ríochta Aontaithe.
Coinneoidh muid na cúig chatagóir atá ag Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta, agus Chultúir na Náisiúin Aontaithe (UNESCO) dhá cheann eile a chur leo, ar ‘Spóirt agus Cluichí’ agus ‘Cleachtais Chócaireachta.’ Déanfaidh muid an fhoclaíocht do na catagóirí a athainmniú agus a shimpliú fosta, agus cuirfidh muid tagairt shoiléir do Thalamh agus Creidimh san áireamh.
-
Cumarsáidí Labhartha Oidhreacht bheo a bhaineann le cumarsáid an fhocail labhartha agus le cumarsáid neamhbhriathartha araon a úsáidtear le heolas, luachanna cultúrtha agus sóisialta agus cuimhne chomhchoiteann a chur ar aghaidh. I measc na samplaí a d’fhéadaí a chur san áireamh, tá seanfhocail, dubhfhocail, amhráin, rannta do pháistí, nó scéalaíocht.
-
Na Taibhealaíona Oidhreacht bheo a bhaineann le taibhiú agus le cruthaitheacht an duine daonna. I measc na samplaí a d’fhéadaí a chur san áireamh, tá stíleanna éagsúla ceoil, damhsa, nó dráma.
-
Cleachtais Shóisialta Oidhreacht bheo a bhíonn á roinnt agus á cleachtadh go minic ag grúpa ar leith. I measc na samplaí a d’fhéadaí a chur san áireamh, tá nósanna, feilte, ócáidí ceiliúrtha nó deasghnátha bunaithe ar an fhéilire nó ar an tséasúr.
-
An Dúlra, an Talamh, agus an Spioradáltacht Oidhreacht bheo a bhaineann leis an chomhshaol agus leis an chreideamh. I measc na samplaí a d’fhéadfaí a chur san áireamh, tá teicnící tógála, córais bainistíochta talún,eolas fá ainmhithe, plandaí agus éiceolaíochtaí áirithe.
-
An Cheardaíocht Oidhreacht bheo a bhaineann le scileanna, eolas agus rudaí a dhéanamh, de láimh nó le huirlisí cuidithe. I measc na samplaí a d’fhéadaí a chur san áireamh, tá na cleachtais shonracha seo a leanas: fíodóireacht, snoíodóireacht adhmaid, potaireacht, gaibhniú, nó saoirseacht chloiche.
-
Spóirt agus Cluichí Oidhreacht bheo a bhaineann le cluichí, comórtais nó gníomhaíochtaí ina bhfuil neart fisiceach agus/nó scil de dhíth. I measc na samplaí a d’fhéadaí a chur san áireamh, tá imeachtaí spóirt nó cluichí follaíochta.
-
Cleachtais Chócaireachta Oidhreacht bheo a bhaineann le hullmhú agus caitheamh bia agus dí. I measc na samplaí a d’fhéadaí a chur san áireamh, tá déanamh miasa ar leith nó an bia agus an deoch a roinnt ar bhonn sóisialta.
Na chéad chéimeanna eile
Foilseoidh muid tuilleadh eolais agus treorach maidir leis an dóigh le cur chuig na fardail nuair a osclóidh muid an ghairm ar aighneachtaí níos moille i mbliana.